Gnó Trí Gaeilge

Tá foireann cainteoirí dúchasacha ag Teigh Siar-Bainistiu Comhdhala & Imeachta atá ábalta gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Déanann muid bainistiú ar imeachtaí agus comhdhálacha ar fud na hÉireann. Tá muid ábalta turais a eagrú trí mheán na Gaeilge, ag clúdadh Gaeilge, stair, cultúr agus oidhreacht.

Bunaíodh Go West i 1995 agus de bharr go bhfuil taithí na mblianta againn, tá a fhios againn céard atá i gceist chun pleanáil agus bainistiú a dhéanamh ar thaisteal shaincheaptha comhdhálacha agus imeachtaí do dhaoine a thagann go hÉirinn.
Siad Caitlin Mhic Dhonnacha agus Kerry Ó Súileabháin  atá mar stiúrthóirí ar Go West. Tá foireann rannpháirteach leo a bhfuil cúlra acu i scileanna faoi leith, ina measc; margaíocht, eolaíocht, teangeolaíocht, cúrsaí ealaíne, dearthóirí leagtha, stairithe, riarthóirí, dearthóirí bogearraí, aisteoirí, innealltóirí, teicneoirí fuaime agus físe, agus cúrsaí múineadh.
Tá go leor buntáistí ag baint le bheith rannpháirteach le Go West.
•Faigheann muid réidh le strus – agus tugann muid tacaíocht duit céim ar chéim agus cuireann muid freagraí ar fáil.
•Laghdaíonn muid do chuid costaisí – beidh buntáistí agat de bharr ár gcumhacht cheannaithe agus ár dtaithí idirbheartaíochta.
•Faigheann muid réidh le riosca – de bharr ár dtaithí agus an t-eolas atá bailithe againn tá muid in ann do chuid imeachtaí a phleanáil de réir mar a theastaíonn uait.
•Tugann muid nualaíocht agus cuireann muid le do luach mar go bhfuil os cionn scór blianta de thaithí againn.
Bíonn muid mar chuid de do fhoireann – laghdaíonn muid do chuid ualach oibre, roinneann muid do chuid freagracht agus bíonn toradh inláimhsithe againn.
Más mian leat saoire a chaitheamh in Éirinn, comhdháil nó imeacht a eagrú, téigh i dteagmháil linn. (Féach thíos)

Teagmháil

Go West Conference & Event Management Ltd.

Galway Office
Furbo, Galway, Ireland

Tel: +353 91 591222
Fax: +353 91 591666
Skype: GoWestIreland
Email: enquiries@gowest.ie

Dublin Office
114 Pembroke Road,
Garden Level, Ballsbridge, Dublin 4

Company Registration Number: 386430

D'Ainm (riachtanach)

Seoladh Ríomhphoist (riachtanach)

Uimhir Fóin

Ábhar (riachtanach)

Teachtaireacht (riachtanach)

Iontráil an CAPTCHA le do thóil: captcha

OUR CLIENTS